Inicio Top Música Bad Bunny Música Cristiana Taylor Swift Ed Sheeran Luis Fonsi Ozuna Daddy Yankee J Balvin Maluma DMCA

Letra de 'An Cailín Deas Crúite Na mBó' de Danu - Escucha y canta en New Musica

Varios-artistas

80s Ballads

Varios-artistas

Musica para leer y estudiar

Varios-artistas

Tarantino

Varios-artistas

Top Hits 2003

Artist profile picture

An Cailín Deas Crúite Na mBó

Danu

Canciones

Tá bliain is níos mó agam ag éisteacht
Le cogar doilíosach mo mheoin
Ó casadh liom gra gheal mo chléibhe
Tráthnóna beag déanach sa bhfómhar
Bhí an bhó bhainne cumhra ag géimeach
Is na héanlaith go meidhreach le cheol
Is ar bhruach an t-srutháin ar leath-thaobh díom
Bhí an cailín deas crúite na mbó

Tá a súile mar lonradh na gréine
Ag scaipeadh tré spéarthaibh an cheoidh
Is is deirge a grua ná na caortha
Ar lasadh I measc craobha na gcnoc
Tá a béilín níos milse ná sméartha
Is is gile ná leamhnacht a snó
Níl óigbhean níos deise sa tsaol so
Ná an cailín deas crúite na mbó

Dá bhfaighinnse árd tiarnas na héireann
Éadacha, síoda is sróil
Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde
Dá bhfuil ar an dtalamh so beo
Dá bhfaighinnse céad loingis mar spré dhom
Píoláidi, caisleáin is ór
Bfhearr liom bheith fán ar na sléibhte
Lem chailín deas crúite na mbó

Muna bhfuil sé I ndán dom bheith in éineacht
Leis an spéirbhean ró-dhílis úd fós
Is daoirseach, dubhrónach mo shaolsa
Gan suaimhneas, gan éifeacht, gan treo
Ní bheidh sólás I'm chroí ná I'm intinn
Ná suaimhneas orm oíche ná ló
Nó bhfeice mé taobh liom óna muintir
Mo cailín deas crúite na mbó

Inicio Top Música Bad Bunny Música Cristiana Taylor Swift Ed Sheeran Luis Fonsi Ozuna Daddy Yankee J Balvin Maluma DMCA