Inicio Top Música Bad Bunny Música Cristiana Taylor Swift Ed Sheeran Luis Fonsi Ozuna Daddy Yankee J Balvin Maluma DMCA

Letra de 'Siobhan Ni Dhaibhir' de Clannad - Escucha y canta en New Musica

Varios-artistas

Reggaeton De Recuerdos

Varios-artistas

Tiktok Hits Latinos

Varios-artistas

Global Dance Hits

Varios-artistas

90s Rock

Artist profile picture

Siobhan Ni Dhaibhir

Clannad

Canciones

Siobhán Ní Dhuibhir
D'éirigh mé ar maidin a tharraint chun aonaigh mhóir
a dhíol is a cheannacht mar a dhéanadh mo dhaoine romham.
Bhuail tart ar an bhealach mé is shuigh mise síos a dh'ól
is le Siobhán Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg.


A Siobhán Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?
Mo bhrón is mo mhilleadh más miste liom tú bheith i gcill.
Bróinte 's muilte bheith 'scileadh ar chúl do chinn
ach cead a bheith in Ioras go dtara síol Éacha chun cinn.


A Siobhán Ní Dhuibhir is tú bun agus barr mo scéil.
Ar mhná na cruinne go dtug sise an báire léi
le gile le finne le maise is le dhá dtrian scéimh
is nach mise an trua Mhuire bheith ag scaradh amárach léi.


Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh,
planta an leinbh a d'eitigh mo phósadh inné.
Beir scéala uaim chuici má thus mise póg dá béal
go dtabharfainn dí tuille dá gcuirfeadh sí bólacht léi.


Beir scéala uaim chuige go dearfá nach bpósaim é
ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé.
Nuair nach bhfuil agamsa maoin nó mórán spré,
bíodh a rogha bean aige is beidh mise ar mo chomhairle féin.

Inicio Top Música Bad Bunny Música Cristiana Taylor Swift Ed Sheeran Luis Fonsi Ozuna Daddy Yankee J Balvin Maluma DMCA